Is ar dhiscréid an Phríomh-Arailt a bhronntar armais, faoi réir ag treoirlínte a leagann an Coiste Ginealais agus Araltais agus Bord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann síos ó am go céile. Faoi réir na dtreoirlínte sin, is féidir armas a bhronnadh, de réir mar ata sonraithe thuas, orthu seo a leanas:
Saoránach de chuid na hÉireann nó duine a bhfuil teidlíocht aige/aici a bheith ina s(h)aoránach;
Duine a bhfuil cónaí air/uirthi sa Stát sa tréimhse cúig bliana ar a laghad díreach roimh dháta an iarratais;
Údarás poiblí nó áitiúil, comhlacht corparáideach nó aonán eile atá lonnaithe nó ag feidhmiú in Éirinn le cúig bliana ar a laghad;
Duine aonair, comhlacht corparáideach nó aonán eile nach bhfuil cónaitheach nó lonnaithe in Éirinn ach a bhfuil naisc mhóra stairiúla, chultúrtha, oideachais, airgeadais nó shinsearacha acu le hÉirinn.
Sa chás go mbronntar údaráis armais eile armas ar dhaoine atá i dteideal go mbronnfaí armais orthu in Éirinn, féadfaidh an Príomh-Aralt na harmais sin a athdhearbhú ach iarratas a dhéanamh chun a oifige.