Stair Teaghlaigh - Ceisteanna Coitianta

Tá roinnt ceisteanna coitianta thíos a chuirtear faoi Stair Teaghlaigh ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

An bhfuil taifid daonáirimh agaibh?

Tá taifid daonáirimh atá fós slán á gcoimeád ag Cartlann Náisiúnta na hÉireann. Is é an daonáireamh is luaithe dá bhfuil againn agus atá fós slán ná daonáireamh 1901. Tá daonáireamh 1911 ar fáil freisin don phobal.


Cén fáth nach bhfuil aon taifead daonáirimh ar fáil roimh an mbliain 1901?

Chuathas i mbun daonáirimh rialtais iomlána den oileán go léir sna blianta 1821, 1831, 1841, 1851, 1861, 1871, 1881, 1891, 1901 agus 1911. Scriosadh an chuid ba mhó de na chéad cheithre cinn sa bhliain 1922 - i leith na mblianta 1821, 1831, 1841, agus 1851 - sa dóiteán ag Oifig na dTaifead Poiblí (atá anois mar Chartlann Náisiúnta na hÉireann). Scriosadh na cinn úd i leith na mblianta 1861 1871 1881 agus 1891 ina n-iomláine, de réir ordaithe ón rialtas.

Ciallaíonn sé sin gurb i leith na mblianta 1901 agus 1911 a thagann na tuairisceáin chuimsitheacha is luaithe a tháinig slán anuas chugainn. Táthar tar éis an ghnáthriail nár chóir go mbeadh tuairisceáin daonáirimh ar fáil don phobal ar feadh 100 bliain a chur ar ceal in Éirinn.

Tá taifid na nDaonáireamh 1901 agus 1911 le haghaidh oileán uile na hÉireann ar fáil anois ar líne ar www.nationalarchives.ie


An bhfuil aon malairt rogha ann don daonáireamh?

Tá roinnt taifead ann as a bhféadfaí leas a bhaint mar Mhalairt don Daonáireamh, le go leor acu i seilbh na Leabharlainne anseo. Is féidir teacht ar na cinn is tábhachtaí de na malairtí daonáirimh seo i leabhar John Grenham Tracing Your Irish Ancestors agus i saothar James Ryan Irish Records: Sources for Family and Local History.


Conas is féidir liom cóip de theastas breithe / pósta / báis a fháil i ndáil le mo shinsear?

Tosaíodh Clárú Sibhialta nó Stáit na bpóstaí, seachas na póstaí Caitliceacha, in Éirinn thiar sa bhliain 1845. Tosaíodh clárú sibhialta gach breith, pósadh agus bás in Éirinn thiar sa bhliain 1864. Is féidir cóipeanna de theastais bhreithe, báis agus pósta a fháil ón tSeirbhís um Chlárú Sibhialta.


Rugadh/pósadh/cailleadh mo shinsear roimh 1864, cén chaoi a dtiocfaidh mé ar thaifid dó nó di?

Taifeadadh baistí, póstaí agus básanna sna cláir pharóiste sular thosaigh an clárú sibhialta in Éirinn. Tá cóipreanna micreascannáin ag an Leabharlann Náisiúnta - anuas go dtí an bhliain 1880 de ghnáth - ón gcuid is mó de chláir pharóiste na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí a tháinig anuas chuig an lá inniu. Tá siad seo ar fáil dá gceadú sa Seomra Léitheoireachta laistigh den Leabharlann. Féach rannóg an láithreáin ghréasáin seo do Chláir Pharóiste i gcomhair tuilleadh eolais.


An dteastaíonn Ticéad Léitheora uaim le cláir pharóiste ar mhicreascannán a cheadú?

Ní theastaíonn ach pas Micreascannáin/Nuachtáin uait is féidir a fháil ónár bhfoireann ag an Deasc Eolais/Ticéad. Féach an rannóg Ticéid Léitheoirí i gcomhair tuilleadh eolais maidir le rochtain ar bhailiúcháin éagsúla na Leabharlainne.


An féidir liom cóipeanna as cláir na bparóistí Caitliceacha a ordú ar mhicreascannán?

Ní thugann an Leabharlann Náisiúnta cóipeanna amach de chláir, ná go deimhin trascríbhinní astu. Ach, tá cead ag lucht taighde iontrálacha ábhartha a chóipeáil iad féin agus úsáid á baint as ár scanóir féinseirbhíse do léitheoirí.  

Is faoi chúram an tSagairt Pharóiste áitiúil a bhíonn bunchláir ó 1880 agus ina dhiaidh sin go ginearálta. Is féidir seoltaí teagmhála cothrom le dáta de pharóistí a fháil ón Irish Catholic Directory bliantúil.

Ar ais go dtí an Barr >

Ní Caitliceach a bhí i mo shinsear, cá háit a bhfaighinn taifid pharóiste dó nó di?

Eaglais na hÉireann: Ar an drochuair scriosadh go leor buntaifead eaglaise sa tine a tharla san Oifig Taifead Poiblí i 1922. Tá roinnt clár bunaidh sealbhaithe i gCartlann Náisiúnta na hÉireann, tá roinnt eile i leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise agus tá roinnt eile coinnithe sa pharóiste. An Pobal Sealbhaíonn Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann go leor clár bunaidh agus cóipeanna díobh freisin.

Preispitéireach: Is féidir fiosrúcháin maidir le taifid Phreispitéireacha a sheoladh chuig an gCumann Stairiúil Preispitéireach.

Meitidisteach: Roimh na 1810idí, tá taifid de bhreitheanna, póstaí agus básanna Meitidisteacha ar fáil i gcláir Eaglais na hÉireann. Chun sonraí a fháil faoi chláir atá fós againn i ndiaidh an dáta sin, téigh i dteagmháil leis an eaglais Mheitidisteach sa cheantar is gaire do do cheantar taighde. Chun seoltaí eaglaisí Meitidisteacha in Éirinn, téigh i dteagmháil le láithreán gréasáin na hEaglaise Meitidistigh in Éirinn. An Pobal Sealbhaíonn Oifig Taifead Thuaisceart Éireann liostáil contae ar chontae de chláir atá fós againn agus a suíomh i gcás Contaetha Chúige Uladh.

Quaker: Chun taifid Quaker a fháil, téigh i dteagmháil le Leabharlann Stairiúil Chreideamh-Chumann na gCarad in Éirinn.

Giúdach: Chun eolas a fháil ar thaifid Giúdacha, téigh i dteagmháil le Músaem Giúdach na hÉireann, 3-4 Sráid Walworth (ó Sráid Victoria), An Cuarbhóthar Theas, Baile Átha Cliath 8. Teil/Facs: +353 1 490 1857.

An bhfuil Leabhair Cheaproinnt na nDeachúnaithe agus Luacháil Uí Ghríofa agaibh?

Tá cóipeanna den dá cheann de na taifid sin le fáil sa Leabharlann, in éineacht le Innéacs na Sloinnte de réir contae, liostú de réir na haibitíre de shloinnte arna dtaifeadadh sa dá thaifead, arna miondealú de réir Contae, Barúntacht agus Paróiste Sibhialta. Tá níos mó eolais i leith na dtaifead sin ar fáil inár rannóg An Méid dá bhFuil Againn den StairTeaghlaigh.

Tá Luacháil Uí Ghríofa ar fáil ar líne ag http://www.irishorigins.com/ ar bhonn íoc de réir amhairc. Is féidir dul ina comhairle saor in aisce sa Seomra Léitheoireachta den Leabharlann.


An bhfuil na bunthaifid lámhscríbhinne agat do Luacháil Uí Ghríofa?

Níl, tá taifid lámhscríbhinní an tsuirbhé mar na 'leabhair réimsí', 'leabhair tí' agus 'leabhair tionóntaí' (ina bhfuil eolas breise anuas air sin atá tugtha sa luacháil foilsithe) i seilbh Chartlann Náisiúnta na hÉireann.


An bhfuil aon bhuntaifid luachála eile ar fáil?

Tá, tá na "Leabhair Talún Cealaithe" agus na "Leabhair Talún Reatha" á gcoimeád san Oifig Luachála a bunaíodh chun an Príomhluacháil a riaradh. Tugann na leabhair seo sonraí faoi na hathruithe go léir a déantar ar sealúchais, ón am a rinneadh an chéad luacháil, go dtí an lá atá inniu ann.

Tá na léarscáileanna Suirbhéireachta Ordanáis anótáilte/daite a ghabhann leis an Luacháil le fáil san Oifig Luachála freisin.


Conas is féidir liom aire a thabhairt do Pháipéir Teaghlaigh?
Tagairt LNÉ:WIL9[12]
Tagairt LNÉ:WIL9[12]
Naisc Thapa