Is é an rud is fearr ná cóip a chur ar taispeáint agus an bunleagan a coimeád slán in áit thirim, dhorcha, fhionnuar agus pacáistíocht saor ó aigéad timpeall air. Ná déan doiciméid stairiúla a fhótachóipeáil (d’fheadfadh an solas dochar a dhéanamh dóibh). Glac grianghraf digiteach díobh i solas maith nádúrtha gan splanc a úsáid. Bain leas as na treoirlínte seo a leanas le cur le saol rudaí atá ar pháipéar:
- Déan deimhin de nach bhfuil solas ag scalladh orthu (rud a d’fheadfadh dath an pháipéir a mhílíthiú agus cur ar roinnt dúch a ndathanna a thréigean): ná cur ar taispeáint iad in aice le fuinneoga nó soilse. D’fhéadfá smaoineamh ar ghloine scagtha UV a úsáid má tá an t-ábhar bunaidh le frámú óir coisceann sé sin na tonnfhaid solais is díobhálaí.
- Taispeáin iad in áiteanna a bhfuil teocht seasta fionnuar iontu: ná croch iad ar an taobh istigh de bhallaí seachtracha ná gar do radaitheoirí, fuinneoga agus tinte. (Cuireann téamh lárnach teochtaí ró-arda agus teochtaí athraitheacha ar fáil de ghnáth, rudaí a chuirfeadh dlús leis an ráta a thiocfaidh mílíthiú ar an bpáipéar agus a d’éireodh sé briosc).
- Roghnaigh timpeallacht thirim (ná croch pictiúir sa seomra folctha nó sa chistin, mar shampla) mar spreagann an taise caonaigh agus caonach liath agus freangann sé páipéar.
- Bíodh sé d’aidhm agat timpeallacht chobhsaí a chur ar fáil; déanann leibhéil athraitheacha teochta agus taise níos mó dochair de ghnáth ná leibhéil a bhíonn mí-oiriúnach go seasta. Is fiú cuimhneamh go bhféadfaidh tithe nua-aimseartha a bheith an-te agus an-tirim, rud nach mbeadh go maith.
- Déan deimhin de go bhfuil an gléasadh i gcomhair pictiúir nó grianghraif bunaidh déanta as clár saor atá saor ó aigéad agus nach bhfuil an pictiúr i dteagmháil dhíreach leis an bhfráma ná le clár tacaíochta an fhráma (a dhéantar as ábhair aigéadacha de ghnáth).