Seirbhísí Cóipeála

Is ceadmhach ábhar na Leabharlainne a chóipeáil ach d'fhéadfadh srianta ar leith a bheith i gceist. Is féidir le léitheoirí dul i dteagmháil leis an Rannóg Athghrafaice más mian leo cóip de mhír ónár mbailiúcháin a ordú. Tá réimse áiseanna cóipeála féinseirbhíse ar fáil do léitheoirí freisin, agus tugtar sonraí maidir leo seo thíos. Le haghaidh tuilleadh eolais féach an leathanach Rochtana & Cóipeála cuí i limistéar na mBailiúchán den láithreán seo.

Saoráidí Cóipeála & Muirir

Fótachóipeáil Féinseirbhíse
Tá seirbhís fótachóipeála féinseirbhíse na Leabharlainne Náisiúnta ar fáil do léitheoirí sa limistéar cóipeála féinseirbhíse in aice leis an bPríomhsheomra Léitheoireachta le linn gnáthuaireanta oscailte na Leabharlainne agus i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní - faoi réir fhorálacha an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar (2000) agus roinnt eisceachtaí tábhachtacha.

Costas €0.40 cent in aghaidh an leathanaigh A3 agus €0.20 cent in aghaidh an leathanaigh A4 atá i gceist (ar fáil i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní amháin). Is féidir cártaí cóipeála ar luach €1 agus €2 a cheannach sa Rannóg Athghrafaice agus i siopa na Leabharlainne nó ó na meaisíní cártaí sa Seomra Micreascannáin agus taobh amuigh de Sheomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní. Is féidir na cártaí seo a úsáid leis na printéirí Féinseirbhíse ar fad.

Grianghrafadóireacht Féinseirbhíse ag baint úsáide as Ceamaraí Digiteacha
Tá cead ag léitheoirí grianghraif a thógáil d'ábhar ó Bhailiúcháin na Leabharlainne (Clóbhuailte agus Lámhscríbhinní) ag baint úsáide as a gceamaraí digiteacha féin i limistéar saincheaptha cóipeála féinseirbhíse sa Phríomhsheomra Léitheoireachta agus i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní.

Chun sonraí a fháil maidir leis na coinníollacha úsáide, na heisceachtaí, na treoracha cóipchirt, agus na treoracha caomhnaithe agus láimhseála i gcomhair na mbailiúchán clóbhuailte féach an bhileog seo a leanas:


I gcomhair na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar leith atá i bhfeidhm i gcás an bhailiúcháin lámhscríbhinní féach an doiciméad seo a leanas le do thoil: 

Léitheoir Féinseirbhíse-clódóirí/Prionta amach ó mhicreascannán
Féadfaidh léitheoirí cóipeanna de leathanaigh roghnaithe a ordú as nuachtáin ar mhicreascannán ón Rannóg Athghrafaice nó cóipeanna a dhéanamh ag baint úsáide as printéirí léitheora féinseirbhíse atá lonnaithe sa seomra micreascannáin ar chúl an Phríomhsheomra Léitheoireachta. Gearrtar táille €0.50 in aghaidh an leathanaigh.

Priontáil féinseirbhíse ó fhoinsí ar líne
Féadann léitheoirí cóipeanna a dhéanamh d’aon fhoinse ar líne atá ar fáil. Tá an printéir nasctha le gach meaisín rochtana poiblí, atá lonnaithe i seomra na Seirbhísí Ar Líne, agus sa seomra léitheoireachta micreascannáin nua. Gearrtar táille €0.10 in aghaidh an leathanaigh.

Fótachóipeáil
Soláthróidh ár bhfoireann fótachóipeanna d'ábhar sna bailiúcháin ar an gcoinníoll go bhfuil an mhír feiliúnach le fótachóipeáil. Is ionann an táille agus €0.50 in aghaidh na hoscailte (leathanach amháin nó dhá leathanach, ag brath ar mhéid an leabhair féin).

Tabhair faoi deara nach mbeifear in ann roinnt míreanna a fhótachóipeáil ó na bailiúcháin seo a leanas – lámhscríbhinní, nuachtáin, grianghraif, priontaí, léaráidí agus ábhar clóbhuailte atá níos mó ná A3 nó atá dlúthcheangailte.Nuair nach féidir ábhar a fhótachóipeáil, tabharfaidh baill foirne sa Rannóg Athghrafaice comhairle faoi na réitigh chóipeála is fearr.

Priontaí Grianghrafadóireachta
Is féidir leat priontaí grianghrafadóireachta nó comhaid dhigiteacha d’fhormhór ár mbailiúcháin a ordú (faoi réir na srianta a luaitear thuas). Is iad seo a leanas na costais:

Méid an PhriontaDubh agus BánDaitePostas:
Éire & an Eoraip
Postas:
Eile        
20.5x25.5cm/
8"x10"
€13.00 €25.00€0.85
(suas le 3 phrionta)
€1.80
(suas le 3 phrionta)
30.5x41cm/
12"x16"
€19.00 €32.00€0.85
(suas le 4 phrionta)
€5.00
(suas le 4 phrionta)
41x51 cm/
24"x20"
€32.00 €38.00€1.45
(suas le 2 phrionta)
€8.85
(suas le 2 phrionta)

Tabhair 3-4 seachtaine le haghaidh orduithe de phriontaí grianghrafadóireachta. I gcomhair priontaí breise, cuir €0.20 le costas an phostais.

Comhaid Dhigiteacha

FormáidCostas in aghaidh
na híomhá
Postas Dlúthdhiosca:
Éire & an Bhreatain
Postas Dlúthdhiosca:
An Eoraip
Postas Dlúthdhiosca:
Eile
TIFF/Jpg€19€1.00€2.00€4.00


Micreascannán

Tá seirbhís micreascannánaíochta ar fáil ar tháille €0.50 in aghaidh an fhráma, ag íostáille €100. Tá breis sonraí le fáil ón Rannóg Athghrafaice ach teagmháil a dhéanamh léi.

Orduithe a Chur isteach agus a Íoc

Is féidir orduithe a dhéanamh go pearsanta i bpríomhfhoirgneamh na Leabharlainne; ar an teileafón chuig +353 1 6030214 nó trí ríomhphost a chur chuig an Rannóg Athghrafaice. Nó féach ar ár leathanach um Iarratas Cóipeála. Glacann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le híocaíochtaí trí sheic agus Mastercard, Visa nó Léasar.

Ábhar na Leabharlainne Náisiúnta a Mhacasamhlú agus a Fhoilsiú

Tá macasamhlú ábhar na Leabharlainne Náisiúnta trí fhoilsiú (is cuma cén fhormáid meán atá i gceist), trí tharchur nó craoladh, nó i gcomhair taispeána i limistéar poiblí, faoi réir cheadú Bhord na Leabharlainne Náisiúnta agus íocaíocht na táille cuí. 

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Seirbhísí d'Fhoilsitheoirí ar an láithreán seo.

Srianta Cóipchirt

D'fhéadfadh roinnt míreanna a bheith faoi Chóipcheart agus faoi réir srianta ar atáirgeadh agus athfhoilsiú. Sna cásanna sin, sa bhreis ar chead a fháil ó Bhord na Leabharlainne Náisiúnta ní mór don taighdeoir cead a fháil ó úinéir an Chóipchirt (an t-ealaíontóir nó a (h)Eastát den chuid is mó).

Is é cúram an taighdeora agus an fhoilsitheora cloí leis an reachtaíocht Cóipchirt chuí.

Gníomhaireachtaí Seachtracha

Is féidir le gníomhaireachtaí seachtracha scannánaíocht agus grianghraif a thógáil sa Leabharlann ó thráth go chéile ach coinne a dhéanamh roimh ré (lena n-áirítear seachadadh agus maoirsiú a dhéanann foireann na Leabharlainne ar ábhar). Déan teagmháil leis an Rannóg Athghrafaice i gcomhair tuilleadh eolais agus sceidil táillí.
Teileafón: +353 1 6030 214
Ríomhphost: copy-orders@nli.ie