Amharc

Úsáideann taighdeoirí ó gach disciplín agus ó gach traidisiún amharc-bhailiúcháin na Leabharlainne agus úsáideadh go forleathan iad chun go leor foilseacháin agus taispeántais a mhaisiú.

Priontaí agus Líníochtaí
Saothar na gcéadta ealaíontóirí agus greanadóirí atá sa bhailiúchán suntasach seo de phriontaí agus líníochtaí Éireannacha. Foinse thábhachtach do stair na healaíne in Éirinn is ea é.

Grianghraif
I measc na n-ábhar a chlúdaítear tá idir radhairc thopagrafaíochta agus phortráidí stiúideo, agus idir imeachtaí polaitiúla agus luath-ghrianghraif turasóirí. Cé gur bailiúcháin stairiúla iad den chuid is mó tá roinnt bailiúchán comhaimseartha ann freisin.

Gearrshaolta
Bailiúchán tábhachtach de mhíreanna éagsúla a bhfuil suim pholaitiúil, shóisialta agus reiligiúnda iontu, amhail fógráin, ábhair ghearrshaolta amharclainne, cártaí poist, cártaí toitíní, cártaí cuimhneacháin, agus cuirí. Bhain foilseacháin agus taispeántais éagsúla na Leabharlainne dian-úsáid as an amharc-ábhar seo.

View of the Kustom House, Dublin le James Malton (PD 3181 TX81).
View of the Kustom House, Dublin le James Malton (PD 3181 TX81).
Naisc Thapa