Acmhainn thábhachtach do lucht taighde is ea Bailiúchán na Leabharlainne d'Fhoilseacháin Oifigiúla. Clúdaíonn sé foilseacháin rialtais ó fhoinsí as Éirinn, as an mBreatain agus go hIdirnáisiúnta, ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu, le cúpla mír ó níos luaithe ná sin.
Bunreacht na hÉireann 1937, sínithe ag Eamon de Valera agus baill dá Chomh-Aireacht
Tá an chuid is mó den ábhar lonnaithe sa Phríomhleabharlann, ach tá roinnt den ábhar Idirnáisiúnta á sealbhú i stór lasmuigh den láthair agus teastaíonn cúpla lá fógra sula féidir iad a fháil do dhuine.