MS700 f.[56]rTá isteach is amach ar mhilliún mír i mbailiúcháin Rannóg na Lámhscríbhinní a chlúdaíonn nach mór míle bliain. Is iad lámhscríbhinní atá iontu den chuid is mó a bhaineann le hoileán na hÉireann, nó arna scríobh ag Éireannaigh in Éirinn nó thar lear.
Clúdaíonn bailiúchán na lámhscríbhinní réimse leathan ábhar lena n-áirítear stair na sibhialtachta Éireannaí, taifid na n-eastát talún, léarscáileanna, páipéir pholaitiúla, shóisialta agus eacnamúla, agus páipéir a bhaineann le teanga, litríochta, ealaín, ceol agus ailtireacht.
Cuimsíonn an bailiúchán idir an mhír is luaithe i Rannóg na Lámhscríbhinní a thagann ó thús an aonú chéad déag agus cháipéisí comhuaineacha.