Rochtain agus Saoráidí Cóipeála
Rochtain
Is gá Ticéad Léitheora a fháil d'fhonn breathnú ar mhíreanna ó na bailiúcháin leabhar chlóbhuailte lena n-áirítear LO; Dix; Joly; Swift; Thom.
Tá bailiúcháin Éireannacha agus speisialta ar fáil ach iad a éileamh sa Phríomhleabharlann ar Shráid Chill Dara, seachas ábhar Yeats a chaithfear a cheadú i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní.
Coinnítear an chuid is mór den Bhailiúchán Ginearálta (neamh-Éireannach) inár stóras as láthair. Bailítear ábhar ón stóras seo ar thráthnóna Máirt agus ar thráthnóna Déardaoin.
Tabhair faoi deara: Má tá cóip de shaothar sna bailiúcháin ar fáil ní eiseofar an bunsaothar. I gcúinsí áirithe ní eiseofar bunábhair fiú mura bhfuil cóipeanna ar fáil, mar shampla sa chás go bhfuil an t-ábhar an-cháiréiseach nó an-leochaileach (agus ar tarraingíodh é as cúrsaíocht ar chúiseanna caomhnaithe dá bharr).
Saoráidí Cóipeála
Is féidir cóipeanna a fháil d'fhormhór na n-ábhar sna bailiúcháin, ar choinníoll go bhfuil dea-bhail ar an ábhar agus nach ndéanfar dochar dó trína chóipeáil agus faoi réir shrianta agus theorainneacha dhlí an chóipchirt.
Féach ar rannóg na Seirbhísí Cóipeála an láithreáin Gréasáin seo chun eolas a fháil faoi na praghsanna agus chun ordú a dhéanamh.