Iarr cúnamh ar Leabharlannaí

Tá seirbhís fiosraithe tagartha ag an Leabharlann agus beidh an Leabharlannaí ar dualgas sásta réimse leathan fiosruithe a fhreagairt maidir lenár mbailiúcháin agus seirbhísí agus rochtain orthu. Sula gcuireann tú isteach do cheist ag baint leasa as an bhfoirm thíos, áfach, déan cinnte go ndearna tú:

  • ár gCatalóg Ar Líne a chuardach leis an ábhar a theastaíonn uait a aimsiú.
  • dul i dteagmháil le do leabharlann phoiblí, scoile nó ollscoile féachaint an féidir leo cabhrú leat.

Pléifear le fiosruithe a luaithe agus is féidir, agus de ghnáth déanfar iad a phróiseáil laistigh de dhá lá oibre. Tabhair faoi deara nach n-áirítear leis an tseirbhís seo tiomsú a dhéanamh ar leabharliostaí cuimsitheacha, quizeanna a fhreagairt (bain triail as do leabharlann áitiúil) nó taighde a dhéanamh ar stair teaghlaigh.

Foirm Fiosraithe

Fields marked with an asterisk * are required.