SOCRUITHE NUA MAIDIR LE SEACHADADH ÁBHAR
Tar éis clár píolótach rathúil i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní, táimid chun cur chuige comhchosúil a tionscnamh maidir le seachadadh leabhar, micreascannán agus nuachtán inár bpríomhsheomra léitheoireachta ar Shráid Chill Dara. Tugtar isteach luathordú agus luath-fhorchoimeád leis an gclár píolótach seo, ach ciallaíonn sé go gcuirfear an t-ábhar atá de dhíth ar fáil ag amanna socruithe, seachas ar éileamh.
Cén éifeacht a bheidh leis seo?
• Beidh tú in ann 5 mhír a ordú roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig mainrr@nli.ie, nó trí ghlaoch gutháin ar 01 6030213, go dtí 4 i.n. ar an lá seachtaine deireanach roimh do chuairt. Beidh na míreanna sin ar fáil duit ó 9.30 r.n. ar lá do chuairte. Beidh aon mhír a ordaítear tar éis an ama seo in am do chéad ordú na maidine (10 r.n.).
• Beidh tú in ann míreanna a chur in áirithe chun úsáid a bhaint astu ar do chéad chuairt eile
• Beidh tú in ann orduithe a dhéanamh sa seomra léitheoireachta le linn do chuairte taighde (5 mhír in aghaidh gach ordaithe). Tabharfar na míreanna sin duit a luaithe agus is féidir tar éis na hamanna ordaithe thíos. Íoslódáil tuilleadh sonraí anseo maidir le conas míreanna a ordú:
| Lá | Ordaigh suas go
|
|---|
Luan - Aoine
| 10:00 12:00 14:00 15.30 (Déardaoin & Aoine) 16:00 (Luan - Céadaoin) 18:30 (Luan - Céadaoin)
|
| Satharn | 10:00 11:30
|
Tabhair faoi deara: Má tá cóip de shaothar sna bailiúcháin ar fáil, ní eiseofar an bunsaothar. I gcúinsí áirithe ní eiseofar bunábhair fiú mura bhfuil cóipeanna ar fáil, mar shampla sa chás go bhfuil an t-ábhar an-cháiréiseach nó an-leochaileach (agus ar tarraingíodh é as cúrsaíocht ar chúiseanna caomhnaithe dá bharr).