Rochtain ar Thaifid Chatalóige

Tá an Leabharlann tiomanta catalógú a dhéanamh ar gach ábhar priontáilte a thagann isteach sa Leabharlann faoi reachtaíocht taisce dlíthiúil ar bhonn caoithiúil. Bíonn sé sin áisiúil ag leabharlanna eile. Chomh luath is a chuirtear taifead ar fáil ar chatalóg ar líne na Leabharlainne, is féidir le leabharlanna eile é a íoslódáil ag baint úsáide as an bprótacal Z39.50.

Is caighdeán aisghabhála eolais é Z39.50 a úsáideann leabharlanna go minic chun teacht ar acmhainní eolais. Is é seo a leanas an t-eolas bunúsach a theastaíonn chun bogearraí cliaint Z39.50 a choigeartú chun taifid ó chatalóg ar líne na Leabharlainne Náisiúnta a chuardach agus a aisghabháil:

Seoladh IP an fhreastalaí Z39.50: hip.nli.ie
Port: 210
Bunachar sonraí: Horizon
Cineál: MARC21

An Príomhfhoirgneamh, Seomra Léitheoireachta
An Príomhfhoirgneamh, Seomra Léitheoireachta
Naisc Thapa