Inrochtaineacht inár gcuid Foirgneamh

An Phríomhleabharlann

Tá bealach isteach do chathaoireacha rothaí chuig foirgneamh na príomhleabharlainne ag an bpríomhiontráil ar Shráid Chill Dara, áit a bhfuil rampa ar fáil. Nuair a théann duine isteach sa Halla Tosaigh, bíonn rochtain ag úsáideoirí cathaoireacha rothaí ar an Deasc Eolais, ar shiopa agus ar chaifé atá lonnaithe ar an mbunurlár agus ar an bPríomhsheomra Léitheoireachta agus an Seomra Léitheoireachta Micreascannáin ar an gcéad urlár tríd an ardán. Is féidir dul chomh fada leis an limistéar taispeántais freisin ar an mbunurlár tríd an ardán atá lonnaithe ar dheis amach ón Halla Tosaigh. Ar chúiseanna Sláinte agus Sábháilteachta rachaidh ball foirne in éineacht le húsáideoirí cathaoireacha rothaí san ardán.

Tá seomra scíthe inrochtana lonnaithe ar an mbunurlár ar chúl an Halla Tosaigh.

Cathaoir “Evac”

Tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag an Leabharlann Náisiúnta chun cuidiú le Léitheoirí faoi mhíchumas luaineachta an Seomra Léitheoireachta i bpríomhfhoirgneamh na Leabharlainne a aslonnú, i gcás éigeandála, ag baint úsáide as cathaoir "evac". Buailfidh an Leabharlannaí ar Dualgas leat nuair a shroicheann tú an Leabharlann chun na nósanna imeachta a mhíniú.

Saoráid Léitheoireachta Micreascannán ar bhunurlár na Príomhleabharlainne

Sa chás nach mbeadh Léitheoir faoi mhíchumas luaineachta compordach ag baint úsáide as an gcathaoir “evac” i gcás éigeandála, beidh limistéar seirbhíse eile ar fáil dóibh i seomra amach ón halla tosaigh.

An Rannóg Lámhscríbhinní agus an Limistéar Taispeántais, 2/3 Sráid Chill Dara

Ba chóir do chuairteoirí a úsáideann cathaoireacha rothaí agus ar mian leo rochtain a fháil ar an Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní nó ar bhunurlár an Limistéir Taispeántais dul chuig an bPríomhleabharlann ar dtús, agus as sin rachaidh duine éigin in éineacht leo chuig 2/3 Sráid Chill Dara tríd an rampa atá ceangailte le foirgneamh riaracháin na Leabharlainne, Uimh. 4 Sráid Chill Dara.

Mar gheall ar shrianta aslonnaithe éigeandála ón seomra léitheoireachta ar an dara urlár den fhoirgneamh, soláthraítear saoráidí léitheoireachta do chuairteoirí faoi mhíchumas luaineachta ar an mbunurlár cóngarach leis an Limistéar Taispeántais. Sa chás go dteastódh ábhar lámhscríbhinne uait agus chun moill neamhriachtanach a sheachaint féadfaidh tú dul i dteagmháil le foireann na Seirbhísí Léitheoireachta roimh do chuairt agus beidh ábhar socraithe acu duit roimh ré.

Tá seomraí scíthe inrochtana ar an mbunurlár ag 2/3 Sráid Chill Dara.

An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta

Tá rochtain iomlán ag úsáideoirí cathaoireacha rothaí ar an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta. Tá feidhm freisin leis an nós imeachta don chathaoir "evac" a bhfuil tagairt déanta di thuas i gcás chéad urláir na Cartlainne. Tá seomra scíthe inrochtana ag an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta ar an mbunurlár.

Madraí Daill

Is féidir madraí daill a thabhairt isteach i ngach limistéar poiblí d'fhoirgnimh na Leabharlainne.

Beidh an fhoireann Seirbhísí Léitheora sásta aon fhiosrúcháin a bhaineann le saoráidí in aon cheann d'fhoirgnimh na Leabharlainne a phlé leat agus is féidir dul i dteagmháil leo trí ríomhphost ag readerservices@nli.ie nó trí ghlaoch a chur orthu ag 6030227.

Príomh-Fhoirgneamh, Halla Tosaigh
Príomh-Fhoirgneamh, Halla Tosaigh
Naisc Thapa