2/3 Sráid Chill Dara

Tá Rannóg Lámhscríbhinní na Leabharlainne agus Oifig an Phríomh-Arailt le fáil ag uimhreacha 2 agus 3, Sráid Chill Dara. Ní mór duit Ticéad bailí Léitheora a bheith agat chun cuairt a thabhairt ar Sheomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní ar an dara hurlár, ach is féidir le baill den phobal cuairt a thabhairt ar an limistéar taispeántais ar an mbunurlár.

Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní

Ní foláir ábhar i mbailiúchán lámhscríbhinní na Leabharlainne a léamh i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní atá suite ar an dara hurlár i 2/3 Sráid Chill Dara, ag ceann Shráid Nassau de Shráid Chill Dara.  

Caithfidh Ticéad Léitheora a bheith ag léitheoir le dul isteach sa Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní.

Féach Uaireanta Oscailte.

An Limistéar Taispeántais, 2/3 Sráid Chill Dara

Bhíodh Músaem Araltach an Stáit sa spás taispeántais ar bhunurlár an fhoirgnimh seo lá den tsaol. 

Anois tá taispeántas bunaithe ar sheoda na Leabharlainne Náisiúnta, Léargas ar do Leabharlann Náisiúnta sa spás taispeántais seo. Tugtar cuireadh do chuairteoirí féachaint ar bhailiúcháin shaibhre éagsúla na Leabharlainne agus léargas a fháil orthu. Ag baint úsáide as teicneolaíocht nuálaíoch an taispeántais, is féidir le cuairteoirí féachaint ar na míreanna is fearr ó bhailiúcháin na Leabharlainne agus míreanna aonair a scrúdú go grinn.

Féach Uaireanta Oscailte.

Seomra Léitheoireachta na Rannóige Lámhscríbhinní
Seomra Léitheoireachta na Rannóige Lámhscríbhinní
Naisc Thapa