Drámaí ó Thobar Mhúscraí le Conchubhar Ó Deasmhumhna

Céadaoin, 27 Márta 2013, 7.00pm

Ócáid ar leith a bheidh anseo, á cur i láthair ag Aisteoirí Chúil Aodha – drámaí atá tógtha ar shaibhreas cainte na Gaeltachta, cumtha ag duine de Cheithre Mháistrí Bhaile Mhúirne.

Scéalaí cruthanta ab ea Conchubhar Ó Deasmhumhna (1871 – 1928) ó Bhaile Mhic Íre i nGaeltacht Mhúscraí agus drámadóir ar fónamh a bhí ann agus é ag gabháil don drámaíocht a tháinig chuige ó thobar an dúchais. Thar aon ní eile, thóg sé chuige caint nádúrtha dheisbhéalach fhileata a ghabhann go seoigh le healaín na drámaíochta Gaeilge. Beidh an saibhreas sin á roinnt ag Aisteoirí Chúil Aodha agus saothar Chonchubhair á cheiliúradh acu ar stáitse.

Léireofar seoda mar – Bean na Bó Riabhaiche agus Fear na mBataí Croise agus Spidiú Cháit na Troda chomh maith le míreanna gonta mar – Mangaire na Té agus Tadhg an Deócáin.

Cuirfear i láthair freisin agallamh don óige le Conchubhar Ó Deasmhumhna. 

Ticéad: €10.00

Eolais:

Seán Ó Morónaigh
T: 087 2324036
R: eolas@drama-gaeilge.com
www.drama-gaeilge.com

 
NLI Reference: CLON55
NLI Reference: CLON55
Quick Links