Turas Poiblí: Stair agus Oidhreacht na Leabharlainne Náisiúnta

Turas Poiblí: Stair agus Oidhreacht na Leabharlainne Náisiúnta

Dé Sathairn 19ú Lúnasa  2017, ag a 1 a chlog.

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoi do Leabharlann Náisiúnta? Ar mhaith leat foghlaim faoi stair, oidhreacht agus ailtireacht na Leabharlainne? Ar mhaith leat é seo a dhéanamh as Gaeilge? Buailigí le Niamh Ní Riain mar sin, le haghaidh turas treoraithe ar Stair agus Oidhreacht na Leabharlainne Náisiúnta. Foghlaimeoidh tú faoi stair na Leabharlainne, faoi conas a cruthaíodh í (140 bliain ó shin an bhliain seo!), faoi ailtireacht na Leabharlainne agus faoi cad atá sa Leabharlann inniu. Gheobhaidh tú amach freisin faoi roinnt teachtaireachtaí rúnda atá laistigh do bhallaí na Leabharlainne. Críochnóidh an turas le cuairt ar Sheomra Léitheoireachta álainn na Leabharlainne (áit a mbeidh tú in ann suí síos agus grianghraif a thógáil!) Is deis ar leith é seo chun foghlaim faoi do Leabharlann Náisiúnta agus do chúpla focal a úsáid, in áit neamhfhoirmeálta.

Bígí linn!

 
NLI Reference: CLON55
NLI Reference: CLON55
Quick Links