Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt
Go up one level

Iad siúd a bhí bainteach le Rialtas Dúchais (ar son agus i gcoinne): Augustine Birrell, Príomh-Rúnaí na hÉireann, 1907-1916

Bhí baint ag Birrell leis an Éirí Amach go hindíreach toisc nár thug sé, mar aon le Asquith, aghaidh ar Aontachtaithe Uladh agus nach ndeachaigh sé i ngleic leis na Poblachtánaigh a raibh an tÉirí Amach á phleanáil acu. Ba as Learpholl do Augustine Birrell (1850-1933). Ba mhinistir Baisteach a athair agus ba mhinistir de chuid Shaor-Eaglais na hAlban a sheanathair, ar thaobh a máthar; d'éirigh sé ina agnóisí ní ba dhéanaí ina shaol ach chloígh sé lena dhearcadh neamhaontach Liobrálach. Tugadh deis dó staidéar a dhéanamh ar an dlí in Trinity Hall, Cambridge a bhuí le oidhreacht a fuair sé. Chleachtaigh sé mar abhcóide ina dhiaidh sin agus bhain sé cáil amach dó féin mar scríbhneoir aistí agus mar chriticeoir liteartha. Toghadh ina Theachta Parlaiminte Liobrálach do Fife sa bhliain 1889 agus bhí sé ina Aire faoi Campbell-Bannerman. Rinneadh Príomh-Rúnaí na hÉireann de in 1907; post a bhí aige go dtí mí na Bealtaine 1916 nuair a d'éirigh sé as faoi scáth iarmhairt an tÉirí Amach.

Ba é an Príomh-Rúnaí an té a bhí freagrach as beartas rialtais a cheapadh agus a riaradh in Éirinn. Bhí Birrell ar cheann de na hAirí ba thiomanta, ba dhaonna agus ba thairgiúla dá raibh riamh sa phost. Bhí sé an-bháúil d'Éirinn náisiúnach, ba é an Rialtas Dúchais an cuspóir ba mhó a bhí aige. Idir an dá linn, d'achtaigh sé 56 phíosa reachtaíochta a raibh dea-thionchar acu ar Éirinn don chuid ba mhó. Áiríodh leo, bunú Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus an tAcht Talún, 1909, acht a chuir borradh faoi cheannach talún ag tionóntaí agus a laghdaigh achrann talúntais. Is cinnte go raibh ról suntasach ag Birrell maidir le hachtú an Bhille Rialtas Dúchais ar deireadh. Bhí sé ciontach, áfach, as ligean d'Aontachtaithe Uladh cruth an Bhille Rialtas Dúchais a athrú sa mhéid nár thaitin sé le formhór na náisiúnaithe toisc gur áiríodh foráil i dtaobh críochdheighilte. Bhí sé freagrach sa mhéid gur theip air Óglaigh Uladh a choimeád faoi smacht agus rinne sé faillí chomh maith ligean do na hoifigigh airm cheannairceacha agus iad siúd a bhí freagrach as tabhairt i dtír na ngunnaí i Latharna cead a gcinn a bheith acu. Ag an am, rinne na náisiúnaithe comparáid idir an chaoi go raibh an chuma ar an scéal go ndearnadh neamhaird de seo agus an seasamh a ghlac na húdaráis maidir le Jim Larkin agus na ceardchumannaithe in 1913 agus scaoileadh sibhialtach in 1914 i ndiaidh thabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair in 1914.

Maidir le hÉirí Amach 1916, níor thuig Birrell i gceart an baol a bhain le faicsean na láimhe láidre laistigh den náisiúnachas; mheas sé nach raibh an líon acu ard go leor agus nach raibh bagairt ar bith ann. Thug sé neamhaird ar an seans go n-éireodh siad amach in ainneoin go raibh sé soiléir nach n-éireodh leo ach go mbeadh siad ina mairtírigh ar son shaoirse na hÉireann chun fonn suanach an neamhspleáchais náisiúnta a mhúscailt. Faoi dheireadh, níor thuig sé go mbeadh na básuithe frithtorthúil, go spreagfadh siad freagairt ón bpobal a mbeadh neamhspleáchas na hÉireann mar thoradh air sa deireadh. Ar éirí as dó i mí na Bealtaine 1916, ghlac Birrell leis an milleán as ligean d’ullmhúcháin don Éirí Amach dul ar aghaidh gan srian. Cé gurbh é Asquith cuid mhaith, agus an rialtas ina iomláine, faoi deara easpa gníomhaíochta Birrell i leith aontachtaithe Uladh, leag an coimisiún oifigiúil an milleán is mó as an Éirí Amach ar Birrell ó ba é a shainchúram siúd é mar Aire.

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt