Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt

Iad Siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach: Réamhrá

Chun tuiscint a fháil ar Éirí Amach 1916 agus ar spreagadh agus ar dhearcthaí na rannpháirtithe is gá staidéar a dhéanamh ar an gcúlra polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus intleachtúil. Níor raibh an chuid is mó de na daoine a luaitear sa chuid seo páirteach san Éirí Amach - bhí cuid mhaith acu ina choinne go huile agus go hiomlán - ach bhí tionchar acu go léir ar chúrsaí, bíodh an tionchar sin díreach nó indíreach.

Ó aimsir Pharnell, dhírigh na náisiúnaigh bhunreachtúla ar Rialtas Dúchais a bhaint amach, is é sin, féinrialtas teoranta a bheadh á fheidhmiú trí pharlaimint i mBaile Átha Cliath. I ndiaidh olltoghcháin 1910, bhí cothromaíocht na cumhachta ag an bpáirtí náisiúnach, Páirtí Parlaiminteach na hÉireann a bhí faoi stiúir John Redmond i dTeach na dTeachtaí. Dá bharr sin bhí siad in ann iallach a chur ar rialtas Liobrálach Asquith an cheist maidir le Rialtas Dúchais in Éirinn a phlé. Bhí Teach na dTiarnaí ina choinne sin go tréan, ach d'fhág an Acht Parlaiminte (1911) go raibh an chumhacht a bhí ag an teach sin reachtaíocht a chrosadh srianta go mór.

Chuir an dóchúlacht go mbeadh Rialtas Dúchais agus Parlaimint Éireannach ann ina mbeadh níos mó náisiúnach Caitliceach ná Protastúnaigh ann, scanradh ar aontachtaithe Protastúnacha in Ulaidh, a bhí faoi stiúir Sir Edward Carson agus James Craig. I Meán Fómhair 1912, shínigh os cionn 200,000 fear Conradh agus Cúnant Sollúnta agus gheall siad go gcuirfeadh siad i gcoinne an Rialtais Dúchais. An Eanáir dár gcionn, bunaíodh Óglaigh Uladh (UVF), agus ní raibh sé i bhfad go dtí go raibh an Cúnant sínithe ag 100,000. Bhunaigh na haontachtaithe arm príobháideach chun dul i gcoinne achtú nó chur i bhfeidhm an Rialtais Dúchais - bhí cead acu druileáil ar an gcoinníoll go raibh sé údaraithe ag dhá ghiúistís. Nuair a thug an rialtas iarraidh srian a chur orthu, bhagair 58 oifigeach sinsearach airm a bhí lonnaithe ag ceanncheathrú an airm ag an gCurrach, Co. Chill Dara go n-éireodh siad as seachas an UVF a shrianadh. Lean an UVF le hairm a iompórtáil, go hoscailte i roinnt cásanna, mar a rinne siad i Latharna, Co. Aontroma in Aibreán 1914. Pleanáladh rialtas sealadach lena chinntiú nach ndéanfaí stádas chontaetha Uladh a athrú.

I mí na Samhna 1913, chuir na náisiúnaigh i gcoinne an méid a tharla in Ulaidh trí fhórsa armtha, Óglaigh na hÉireann, a bhunú chomh maith, agus bhí Eoin Mac Néill mar cheann foirne. Bunaíodh fórsa cúnta na mban, Cumann na mBan, chomh maith. Agus eagla air go gcuirfeadh gníomhartha Óglaigh na hÉireann bac ar dhul chun cinn an bhille Rialtais Dúchais, fuair Redmond méid áirithe smacht ar an eagraíocht i Meitheamh 1914 trí ionadaíocht mhaith a bheith ag Páirtí Parlaiminteach na hÉireann ar a choiste sealadach. Níos déanaí an mhí sin d'éirigh le hÓglaigh na hÉireann seachadtaí measartha beaga de raidhfilí agus d'airm Ghearmánacha a thabhairt i dtír i mBinn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath, i gCill Chomhghaill, Co. Chill Mhantáin agus i gCuan Bhaile an Chaisleáin, Co. Chorcaí.

Nuair a achtaíodh an bille Rialtas Dúchais ar deireadh (an tAcht um Rialú na hÉireann, 1914), rinneadh foráil i reachtaíocht chomhlántach i leith líon neamhshainithe de chontaetha Uladh a fhágáil amach ar feadh tréimhse neamhshainithe - rud a shocraigh, go bhféadfaí críochdheighilt na tíre a chur i bhfeidhm. Faoin am seo, áfach, bhí Ríocht Aontaithe na Breataine agus na hÉireann sáite sa chogadh domhanda, agus cuireadh an reachtaíocht ar fionraí don tréimhse sin. Bhí Redmond i bhfabhar an chogaidh agus thairg sé Óglaigh na hÉireann mar fhórsa cosanta náisiúnta, tairiscint ar dhiúltaigh an rialtas di. Níor chuir sé sin lagmhisneach air áfach, ghríosaigh sé na hÓglaigh chun dul in arm na Breataine. Scoilt an eagraíocht ansin: bhí a bhformhór, thart ar 170,000 san iomlán agus ar tugadh na hÓglaigh Náisiúnta orthu as sin amach, ar thaobh Redmond; lean an 10,000 eile mar Óglaigh na hÉireann faoi cheannaireacht Eoin Mac Néill. Ba iad baill d’Óglaigh na hÉireann a bhí páirteach in Éirí Amach 1916 den chuid ba mh

Réamhrá Breac-chuntas ar stair na hÉireann Iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach Seachtar Sínitheoirí an Fhorógra Roger Casement Éirí Amach Príomhshuímh na gníomhaíochta An géilleadh Iad siúd a cuireadh chun báis Na taismigh An iarmhairt